h1

Amhrán eile nua chumtha

November 1, 2008

Traolach  O Conghaile ag ceol a amhrán i gComórtas na nAmhráin Nua Chumtha ag Oireachtas na Gaeilge in Ostán an Rochestown Park i gCorcaigh, 31 Deireadh Fómhair 2008.

h1

Cad a dhéanfaimíd feasta gan breosla?

October 31, 2008

h1

Ar chuala sibh seo?

October 31, 2008

Amhrán nuachumtha ó pheann Dhónail Uí Liatháin, file, a cheol Bríd Ní Liatháin, a iníon, i gComórtas Choirn Sheáin Eoin Uí Shuilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge 2008. Is é Dónal m’athair agus tá sé faoi lathair san oisbidéal i mBeanntraí ag teacht chuige féin ó dhroch thinneas.

h1

Rap an Oireachtais ar chlár Ronáin

October 31, 2008

Seo mír mire ó chlár Ronáin Mac Aodha Bhuí inniu, rap Ghaeilge le ‘Boo Shakespeare’.  Nílim cinnte faoin ainm ach déanfaidh mé cinnte de ar ball beag – ar aon nós, bhí sé ar fheabhas….

Cad faoi comórtas ‘rapála’ Ghaeilge ag Oireachtas 2009 i Leitir Ceanainn?

h1

An Phleist Mór – buaiteoir Ghradam Reics Carló

October 31, 2008

Agallamh le Ré  O Laighléis, comhúdar le Susan Edwards, ar an leabhar a bhuaigh Gradam Reics Carló, an gradam do leabhair do dhaoine óga ag Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh.

h1

An Sean Nós go smior….

October 31, 2008

Cuireann seo an scannán le Woodie Allen, Everything You Ever Wanted to Know About Sex But Were Afraid To Ask, i gcuimhne dhom.  Ach is sean nós atá i gceist sa chaint seo ó chathaoirleach an Choiste Aitiúil, Peadar  O Riada, agus é ag seoladh dluthcheirnín nua ag Oireachtas na Gaeilge, buaiteoirí uile Chorn Uí Riada in aon phacaiste amháin.  Sin 35 amhran san iomlán.

Bainigí sult as an chaint….

h1

Fáiltiú an Uachtaráin

October 30, 2008

Aréir tháinig a Soilse, Uachtarán na hÉireann, ar chuairt go dtí an Oireachtas.  Seo mar a chuir Cathaoirleach an Choiste Aitiúil, Peadar O Riada, fáilte roimpí agus an oráid bhrea ar thug sí ag Ostán an Rochestown Park.

h1

Seamus na Gaeilge ag an Oireachtas

October 30, 2008

Seo agaibh agallamh a bheidh ina spreagadh agaibhse atá ag foghlaim na Gaeilge.  Seo Seamus O Fionghusa, fear óg ó Brooklyn, Nua Eabhrac, a thosnaigh ag foghlaim na Gaeilge i mí na Márta 2006 agus tá ag eirí go geal leis ó shin.  Cheapfá óna chanúint Ultach gur ó Rann na Feirsde do!

Ar aon nós is Sairsint é Séamus in Arm SAM agus gach seans go mbeidh sé ag dul ar dhualgas chun na hIaráice gan mhoill.

Ach roimhe sin beidh sé sa bhearna baoil anocht ag Oireachtas na Gaeilge nó beidh sé ag glacadh páirte sa chomórtas cáilithe d’amhránaithe faoi bhun 35 bhliain d’aois.

Seo blaiseadh dá shaol agus dá cheol…

h1

Mol an óige….

October 30, 2008

Is é an Déardaoin lá mór an óige ag an Oireachtas agus ní eisceacht ar bith é an bhliain seo nó tá Ostán an Rochestown Park breac le daoine óga ag cleachtadh a gcuid agallaimh beirte agus lúibíní, a scéalta, a ndreasanna cainte is eile.

Orthu sin a ghlac páirt sa chomórtas Agallaimh Beirte do dhaoine óga idir 12-15bhliain d’aois, bhí Aoife Ní Mheachair agus Seána Willems ó Chúil Aodha le h-agallamh faoin bhus scoile.  Beidh seo ar fáil ar an suíomh seo gan mhoill….

h1

An Cléireach agus An Phleist Mór na buaiteoirí

October 30, 2008
Darach Ó Scolai, údar agus foilsitheoir leabhar na bliana, An Cléireach.  Sa chúlra tá Ré Ó Laighléis, comh-údar agus foilsitheoir buaiteoir Ghradam Reics Carló, An Phleist Mór

Darach Ó Scolaí, údar agus foilsitheoir leabhar na bliana, An Cléireach. Sa chúlra tá Ré Ó Laighléis, comh-údar agus foilsitheoir buaiteoir Ghradam Reics Carló, An Phleist Mór

Is iad An Cléireach, urscéal suite sa 17ú Aois le Darach  O Scolaí, agus An Phleist Mór, leabhar do phaistí ó pheann Susan Edwards agus Ré O Laighléis, buaiteoirí móra na bliana seo ag Gradaim Leabhair na Bliana.

D’fhograíodh buaiteoirí na gradaim is mó luach – agus is mó tóir – ag ocáid in Oireachtas na Gaeilge ag am lón inniu Déardaoin.

Tá duais chiste suntasach ar fáil do bhuaiteoirí na ngradam seo – is fiú €10,000 don fhoilsitheoir agus €5,000 don údar Gradam Uí Shuilleabháin agus tá duais €7,000 ar fáil d’fhoilsitheoir bhuaiteora Ghradaim Reics Carló agus €3,000 don údar sa chás sin.

Is cinnte go mbeidh an gabhar á róstadh ag Leabhar Breac agus Moinín anocht de thoradh luach saothair an lae inniu as a gcuid oibre sa ghort litríochta Ghaeilge.

Ina oráid roimh bhronnadh na ngradam, dúirt an tOllamh Alan Titley go raibh tabhacht  i gconaí le leitheoireacht agus gur ghá tacaíocht a thabhairt don earnáil foilsitheoireachta má tá uainn an Ghaeilge a choimead beo agus beathach san am atá le teacht.